Tracks and Trails Sraith 6

Clár 1.

Is Eolaí Aimsire é Gerry Murphy, a chuireann réamhaisnéis na haimsire i láthair ar an teilifís. Tosaíonn siúlóid Gerry i gCathair Saidhbhín i gContae Chiarraí, turas a thógann cúig uair a chloig go leith sa charr ó Bhaile Átha Cliath. Cé go bhfuil an baile seo beag, tá sí bríomhar. Ní amháin sin tá an baile lonnaithe i ceann de na ceantair is deise i gCiarraí. Tá aithne mhaith ag Gerry ar an gceantar ó thárla go raibh cónaí air ann ar feadh sé bliana. Tá dhá shiúlóid á dhéanamh ag Gerry in achar dhá lá. Tosaíonn an chéad siúlóid ag Pointe Renard thart ar trí chiliméadar ó Chathair Saidhbhín. As seo, tógfaidh Gerry bád farrantóireachta go Baile and Ridire ar Oiléan Dairbhre. A luaithe agus Gerry ar an oileán, tosaíonn sé ag siúl na bóithre go Ceann Bhreagha, turas a thógfaidh 15km.

Tá Baile an Ridire lonnaithe in oirdheisceart an oileáin. San ionad oidhreachta ar an mbaile, buaileann Gerry le Pam Twentyman, a thugann treor dhó, chomh maith le h-eolas faoi cad atá le feiceáil sa cheantar agus na háiteanna is fear le cuairt a thabhairt orthu. Tá dlúthcheangal idir an teach solas agus Oiléan Dairbhre agus is é teach solas an oileáin ceann de na tithe solais dheireannacha sa tír a raibh daoine ina gcónaí iontu.

Is féidir tuaras a dhéanamh ag an teach solas le Paul O’Connell, fear a bhfuil an-eolas aige ar stair na háite agus an teach solas. Buaileann Gerry le Paul agus le Micheál Lyne, stairí áitúil, a bhfuil ana chuid scéalta aige faoin oileán agus teacht i dtír na cáblaí transatlancha don chéad uair.

Is oiléan galánta í Oileán Dairbhre, agus tugann Gerry aghaidh ar cheantar stairiúil Ceann Bhreagha. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, do litrigh muintir na háite an focal Éire ar an talamh le clocha, lena chur in iúl do phílótaí sa chogadh cá rabhadar, ionas nach ndéanfaidís botún agus buama a scaoileadh leo.

Tosaíonn an dara siúlóid i gCathair Dónall i nDoire Fhionnáin, atá thart ar daichead a cúig nóiméad tiomáint ó Chathair Saidhbhín. ‘Sí Doire Fhionnáin an ceantar inar tógadh Dónall Ó Conaill, ceann de laochra móra stair na hÉireann.
Tugann Gerry cuairt ar Theach Dhoire Fhionnáin agus na gáirdíní tropiceach mórthimpeall air. Ansin síos leis go dtí an trá ar a bhfuil bealach dúlra. Críochnaíonn an siúlóid ag Oileán na Mainistreach.
Tá teach Doire Fhionnáin lán d’iarsmaí pearsanta Dónall Ó Conaill agus a mhuintir. Tugann Chris O’ Neill ó Oifig na nOibreacha Poiblí turas do Gerry timpeall an gháirdín dochreidthe seo agus labhrann Vincent Hyland leis maidir leis an dúlra áitiúil.

Clár a dó

Sa chlár seo tá siúlóid á dhéanamh ag an gcraoltóir Jim Sherwin i gContae Chill Mhantáin ar Bhealach na hAille ó Bhré go dtí An Clochán Liath. Is as tuairceart Bhaile Átha Cliath do Jim, ach aineoinn sin, tá an turas seo le radharcanna i ngach treo, déanta aige go minic.

Tosaíonn an turas ag Stáisiúin na bPiarsach i lár chathair Bhaile Átha Cliath. B’í an chéad stáisiúin do phaisinéirí traein a tógdh sa tír sna 1830 adaí. Tá an stáisiún ar an stáisiún is gnóthaí sa tír go fóil.

Tá radharcanna bhreátha an fharraige le feiscint ar an tuaras traenach go Bré, rud a chuireann go mór leis an aistir. In éindí le Jim ar an traen, tá James Scannel, a bhfuil an-spéis aige in ábhar traenach agus a insíonn dó faoi stair an líne traenach.

Tá caractéir ar leith ag Bré i gContae Chill Mhantáin. Siúlann Jim ar an bPromenade, atá thar ar míle in fhaid, chun tús Bealach na hAille a bhaint amach. Tá stair na háite le linn aimsir an Bhanríon Victoria scríofa ag Mary Davies agus tugann sí cursíos do Jim ar a bhfuil le feiceáil fós ar an mbaile ón tréimhse stairiúil agus iad ag siúl ar an bPromenade. Ag bun an Phrom, ag dul ó dheas, tógann Jim Bealach na hAille, atá díreach in aice an line traenach.

Tá an éileamh ar Bhealach na hAille atá timpeall seacht chilliméadar ar fhaid. Usáideann an DART an líne traenach in aice láimhe in éindí le traeanacha eile ag taisteal go dtí agus ó Baile Átha Cliath.
Leagadh an chéad iarnród idir Bhaile agus Kingstown. Ach cuireadh leis an line seo níos deanaí sa naoiú haois deéag agus an córas traenach ag dul i bhfeabhais. Leagadh an líne traenach ar bhruach na haille de thimpist, ó tharla gur dhiúltaigh an Tiarna Talún áitiúil, Iarla na Mí, cead a thabairt don líne traenach dul ar a chuid talamh.

Ach thug sé talamh saor in aisce don chomhlacht traenach ar bhruach na haille. Buaileann Jim lena shin garmhac, Iarla reatha na Mí, Jack Brabazon, leis an scéal a phlé.

Leannan Jim ar aghaidh leis an siúlóid, áit a mbuailleann sé le saineolaithe áitiúla ar nós Brian Mac Aonghusa, a insíonn dó faoi thimpist cáiliúil a thárla de bharr creimeadh talún agus Viaduct déanta as adhmad. Buaileann sé chomh maith le Brian White ag fothrach Cillín Naomh Crispin.

Ag deireadh na siúlóide, osclaíonn an bealach amach le radharc bhreá ar Mharina An Chlochán Liath, sula siúlann Jim go mall réidh síos Bóthar na hEaglaise i dtreo an stáisún DART chun filleadh ar Bhré.

Clár a 3

Tuagann láithreoir teilifíse, Sinéad Kennedy, as Corcaigh, cuairt ar (na Ox Mountains) i gContae Mhaigh Eo, áit a bhfuil cuid de na siúlóid is fear in Éirinn. Tá áilleacht agus raon an-éagsúil gnáthóg le feicéal ag Sinéad agus í ag siúl Lúb An Leargain Mhóir atá gar do Bhéal Easa.
Tá bealach rothaíochta agus siúl idir Caisléan an Bharraigh agus an Musaem Náisiúnta i Tuarloch agus is anseo a thosaíonn Sinéad a aistear.

Tá (Lough Lannagh) an-áisiúil do mhuintir Chaisleáin an Bharraigh le radharcanna dochreidthe ar Chruach Phádraig, ceann de na ceantair is mó cáil air i gContae Mhaigh Eo.
Tá neart le feiceáil agus tú faoi scáth na gcrann ar an mbealach suas go Pháirc an Tuarloch.
Tá 37 acra ar fad sa pháirc agus is féidir ana chuid bealaigh siúl a thógáil idir locha agus coillte.

B’iad muintir Mac Gearailt a leag amach na bealaigh siúil san naoiú haois déag agus cónaí orthu i Teach Tuarloch. Tógah an teach sa stíl Gothic agus bhí cónaí ar ghaolta leo sa teach suas go dtí 1991 nuair a bunaíodh Musaem Náisiúnta Saol na Tuaithe ar an Eastáit.
Ansin tagann Sinéad go Baile Easa don chéad aistear eile. Tá Sliabh An Leargain Mhóir thart ar ocht chilliméadar ó Bhaile Easa, ar a bhfuil clú agus cáil ar na muileann ceardaíochta olainn. Agus tú ar an mbealach go dtí siúlóid An Leargain Mhór, téann tú tríd timpeallacht álainn in Alt Tí Mhich Aoidh agus Loch Ghleann Dubh. Tosaíonn Sinéad ag siúl ar bhóthar sléibhe, áit a labhrann sí le treoirí, Jean Beattie, feirmeoir áitiúil, a chuidigh le Comairle Chontae Mhaigh Eo cruth nó dearadh a chur ar an leagan amach timpeall ar bhun na sléibhe. As seo téann said in airde go barr sléibhe sula gcríochnaíonn said san áit inar thosaigh siad. Tá idir páirce torthúla agus portaigh lán de fraoich le feiscint i dteannta le radharcanna bhreátha na (OxMountains.)
Imíonn Sinéad as bealach le cuairt a thabhairt ar Mhusaem Oidreachta Tom Hennigan i gCill Lasrach. Tá scéalta aige faoi fhéin ag fás suas sa teachín beag. Tá bailiúchán sean bhróg aige atá ar thaispeáint chomh maith.

Ar ais ar Lúb An Leargain Mhóir, téann Sinéad i dtaithí ar muintir na háite agus laochra áitiúla agus í ag caint le fear áitiúil, Noel Gillard, agus leis an scríobhnóir Stephen Dunford. Ní amháin sin, ach tagann Sinéad ar ghabhair fiáinne agus í ag siúl.

Tá an chuid dheireannach den siúlóid ar an chuid ba dheacra do Shinéad agus í imithe ón mbóthar agus í ag dul in airde ar an taobh eile de Shliabh An Leargain Mhóir, bealach a thógann air ais í go dtí an túsphointe. Go tobann tá laghdú ar an mbáisteach agus íslíonn an ghaoth. Tá na sléibhte le feiceáil athuair. Briseann na scamaill chun lasracha solais a chaitheamh ar thalamh árda lán le dathanna boga ón bhfraoich.
Is fiú an fulaingt!

Clár a 4.

Sa chlár seo tá bealach galánta roghnaithe ag iar imreoir idirnáisiúnta rugbaí, Keith Wood, gar dá bhaile dúchais i gContae an Chláir. D’imir sé ar foireann na hÉireann i 58 cluiche agus bhí roghnaithe chom maith chun imirt ar foireann Lions na Breataine agus Éire.

Ag tosú i mBaile Uí Bheoláin, téann Keith ó dheas ar imeall oirtheach Loch Dearg, ceann de na locha is mó in Éirinn. Tá turas daichead chilliméadar ar an bhealach seo ó Phort Omna i gConate na Gaillaimhe go Cill Dálua i gContae an Chláir. Fadó bhí abhainn na Sionnaine plódaithe le báid, agus iad ag iompair daoine agus earraí. Ach sa lá atá inniú ann tá na bailte ag freastal ar thurasóiri báid agus iascaireachta.

Glacann Keith síob ar bhád chun dul isteach go hÓileán Naofa le stairí áitiúil, Ger Madden. Is féidir éin neamh choitianta a aimsiú ar an oiléan speisialta seo.

Ar ais ar an mórthír, buaileann Keith le Vera O’Rourke i mBaile Uí Bheoláin. Téann an bheirt acu i bhfolach agus iad ag súil le iolair a fheiscint, rud nach bhfuil coitianta ar chor ar bith.

Ar ais ar an uisce arís le Keith i mbád Kayak go Coillte Tuamgraney, áit a mbuaileann sé le Andrew St. Ledger, saineolaí comhshaoil, a insíonn dó faoi na crainn, cuid acu atá suas le trí chéad bliain d’aois.

Ar aghaidh le Keith ansin go An Scairbh, áit a dtéann sé ar bhord Cruiser, len é a thógáil chomh fada le Two Mile Gate. Anseo tugann sé faoi ceann de siúlóidi is annsa leis, Lúb Ballycuggaran.

Agus sin déanta, tógann Keith bád go Cill Dálua, le cuairt a thabhairt Bhéal Boru…Daingean nó Rath Iar Árd Rí na hÉireann. Anseo buaileann Keith le h-iníon iar múinteoir leis, Una Ceirns, a chuireann ar an eolas é maidir leis an sean rath.

Clár a 5.

Tá cónaí ar Steve Wickham i Sligeach le 20 blian anuas ach is as Baile Átha Cliath é ó dhúchas. Tá cáil air mar fhidiléir sa banna ceol, “The Waterboys”. Nuair nach mbíonn sé ag taistil nó ag taifeadadh, caitheann Steve agus a bhean Heidi a gcuid ama ag siúl na céadta bealaí nó bóithríní i gContae Shligigh.

Tá dhá shiúlóid á dhéanamh ag Steve agus Heidi thar dhá lá. Tá aithne mhaith ag Heidi ar an gceantar ó tharla go bhfuil sí páirteach le Foireann Tárrthála Sléibhte Shligigh. Tá an chéad siúlóid 10km san iomlán agus is turas éagsúil é a thosaíonn ar An Leathros.

Ag siúl in aice na farraige i dtosach báire, téann siad isteach fán dtír, sula dtugann siad aghaidh ar bharr Knocknarea a bhaint amach. Ina dhiadh sin, siúlóid níos éascaí agus iad ag teacht anuas ar an taobh eile. Ar aghaidh leo ansin go ceantar stairiúil Carrowmore ón aois chloch.

Tá Sligeach ar ceann de na ceantair is saibhre dhe ó thaobh iarsmaí ón aois chloch. Tá ana chuid Dolmen, Ionaid Adhlacadh ón ré neoiliotach, Cairn agus Tuamaí págánacha. Tá idir coillte agus cósta le feiceáil ag Steve agus Heidi agus iad ag siúl. Ar a mbealach tá radharc leathan le feiceáil ar An Leathros agus Cuan Shligigh. Buaileann siad le Pádraig Meehan, treoraí áitiúil, a bhfuil an-eolas aige ar sheandálaíocht agus stair an chontae.
Ar an dara lá, tugann Heidi agus Steve faoi dul in airde ar na conic agus iad ag siúl ar bhealach coillte ó Dhroichead Colooney go “Union Rock” agus ar aghaidh leo go Baile Uí Dhálaigh. Ansin in airde arís thar sléibhte go Loch Luman, go dtagann siad ar Choill Slios, a bhfuil cáil air mar áit a spreag an file, WB Yeats. Tá iliomad iarsmaí págánacha ón seanaois le feisicint ar an turas.

Tagann an siúlóid chun críoch san áit ar a dtugtar i mBéarla, The Lake Isle of Inishfree. Déannann Steve an éacht a cheiliúradh le hamhrán a chum sé féin.